Sa phóstáil seo, déanann an tOllamh Rióna Ní Fhrighil cur síos ar an tionscadal taighde Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Filíocht na hÉireann. Cé na bunfhoinsí a chuirfear san áireamh agus cé na torthaí taighde a chuirfear ar fáil?
Is é an Poeta, sa chiall leathan ina bhfuil sé á léiriú agam, is é an figiúr is bunúsaí agus is tábhachtaí ar an saol é. Óir is é an Poeta a mhúnlaíonn croí agus smaointe agus anam na hÁdhamhchlainne. Ní hé an polaiteoir ná an saineolaí eacnamaíochta ná an fisicí a stiúrann dearcadh an duine ar an saol agus a ullmhaíonn an réabhlóid i gcroí na sibhialtachta, ach an File.
Eoghan Ó Tuairisc, ‘Religio Poetae’
Ról Poiblí an Fhile in Éirinn agus Thar Lear
Le linn tréimhsí mórchorraíola agus in amanna míshocra, is minic a théití agus a théitear i muinín na filíochta le fianaise a thabhairt ar an staid reatha agus, in amanna, le cur in éadan an status quo. Bua é an débhríocht a shamhlaítear leis an fhilíocht, go háirithe sa chás go mbíonn cosc nó srian ar shaoirse cainte an duine. Buntáiste is ea an ghontacht óir is furasta an fhilíocht a chur de ghlanmheabhair agus í a chur ar aghaidh ó bhéal go béal, agus ó ghlúin go glúin i nganfhios, más gá. Is flúirseach na samplaí atá againn den úsáid threascrach seo in áiteanna éagsúla ar fud na cruinne i gcaitheamh na staire agus anuas go dtí ár linn féin. Mar a léirigh taighde máistriúil Bhreandáin Uí Bhuachalla, mar shampla, bhí an mianach treascrach seo go smior i bhfilíocht Sheacaibíteach na Gaeilge sa dara leath den tseachtú haois déag agus isteach go maith san ochtú haois déag. Lena chois sin, bhí tábhacht nach beag leis an fhoirm liteartha a roghnaíodh, is é sin an aisling, le hidé-eolaíocht pholaitiúil a chur in iúl go cáiréiseach ceilteach. Teachtaireachtaí freasúracha a léirigh aird ar imeachtaí idirnáisiúnta, Cogadh Mheiriceá san áireamh, a bhí i gcuid mhaith den fhilíocht pholaitiúil a cumadh as Gaeilge sa cheathrú deiridh den ochtú haois déag, mar a chruthaigh Vincent Morley. Más leagan dúchasach de stair na hÉireann a chothaigh agus a chaomhnaigh filí na Gaeilge sa seachtú agus san ochtú haois déag go speisialta, féach gur feidhm chomórtha den chineál chéanna a samhlaíodh le filí áirithe níos faide ó bhaile san aois seo caite. Bhí tuiscint do chumas tuairisciúil agus do mhianach treascrach na filíochta ag an ghnáthmhuintir a sheas in aon scuaine le Anna Akhmatova lasmuigh den phríosún i Leningrad sna 1930idí agus a d’impigh uirthi cuntas a thabhairt ar a bhfulaingt agus ar a gcrá croí, tuairisc nach gceadófaí in aon cháipéis oifigiúil. Ag cur i gcoinne na leatroime agus ag iarraidh a gcuid daonnachta a mheabhrú do mhórphobal Mheiriceá agus don domhan thiar a bhí cimí Ghuatanamó nuair a rinne siad a gcuid dánta a ghreanadh ar chupáin styrofoam le clocha géara ag tús na haoise seo. Tá clú ar fhilí béil mar Rafeef Ziadah, Palaistíneach, agus Patricia Smith, Afrai-Mheiriceánach, gan ach beirt a lua, filí a fhógraíonn agus a cháineann droch-chás a bpobail féin trí mheán na filíochta.
Bunfhoinsí an Taighde
Maidir leis an chorpas agus na bundánta a chuirfear san áireamh, tá roinnt mhaith dánta canónda sa dá theanga a théann i ngleic le sárú chearta an duine i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta. I measc na ndánta is mó clú, b’fhéidir, tá “Nineteen Hundred and Nineteen” le W.B. Yeats, “A Disused Shed in Co. Wexford” le Derek Mahon, “Known World” le Seamus Heaney, “Aifreann na Marbh” le hEoghan Ó Tuairisc, “Ní ceadmhach neamhshuim” le Seán Ó Ríordáin, “Ó mo bheirt Phailistíneach” le Michael Davitt, “Shoa” le Máire Mhac an tSaoi, agus “Dubh” le Nuala Ní Dhomhnaill. Le cois na ndánta mórchlú, ámh, beidh dánta le filí nuabhunaithe á gcur san áireamh fosta – na filí a bhfuil dánta leo i gcnuasaigh mar Writing Home: The ‘New Irish’ Poets (Boran agus Enyi-Amadi 2019), Calling Cards (Fallon agus Mac Aodha 2018), Landing Places: Immigrant Poets in Ireland (Bourke agus Faragó 2010) agus The Plurality of Existence in the Infinite Expanse of Place and Time (Emoe & Crocosmia 2016), mar shampla. Filí nuabhunaithe eile a gcuirfear saothar leo san áireamh is ea Andreas Vogel, file de bhunadh na Gearmáine a bhfuil dhá chnuasach Gaeilge leis i gcló (2009; 2018), agus Ndrek Gjini, file de bhunadh na hAlbáine a bhfuil dhá chnuasach as Béarla foilsithe aige (2011; 2019).
An File agus Cúrsaí Aistriúcháin
Chun críche an taighde seo, déanfar na dánta a d’aistrigh filí Éireannacha go Gaeilge nó go Béarla a áireamh mar chuid d’fhilíocht na hÉireann. Ní mar shaothar tánaisteach mar sin a chaithfear leis na haistriúcháin go Béarla agus go Gaeilge ach mar dhlúthchuid de thionscnamh filíochta na bhfilí a d’aistrigh iad. Déanfar na haistriúcháin le filí ar leith a mheas mar shaothair chruthaitheacha nach bhfuil ar leataobh óna gcuid bundánta féin. Ar an dóigh seo, déanfar na ceangail thrasnáisiúnta a ríomh i gcomhthéacs liteartha agus i gcomhthéacs polaitiúil lena chois.
‘Ní Ceadmhach Neamhshuim’
Ainneoin an ghradaim a roinneann le dioscúrsa chearta an duine agus cé go bhfuil méadú mór ar an reachtaíocht ábhartha, leanann an bhrúidiúlacht agus na héagóracha danartha ar aghaidh. Leoga, in aois seo an eolais agus na meán cumarsáide, is baolach gur treise an neamhshuim ná an chomhbhá féin. Is tráthúil mar sin gurb í an fhilíocht Éireannach a théann i ngleic théamúil le cearta daonna ar bhonn idirnáisiúnta bunchloch an tionscadail seo. Cloch chúinne an dlí idirnáisiúnta é Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Baineann an Dearbhú féin, áfach, le fearann na samhlaíochta, le spriocanna aislingeacha a chuireann an pobal idirnáisiúnta roimhe agus le poblacht de chuid an choinsiasa nach ann dó sa tsaol iarbhír. Is ar an cheangal chasta seo idir an tsamhlaíocht, an dlí, agus cearta an duine a dhíreoidh ‘Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Nuafhilíocht na hÉireann’.