Photography by Sarah Hickson

Déan Cuardach
Search the Database

The RoC database includes poems, by Irish poets, that respond to international human rights crises and violations. Our definition of ‘Irish poet’ is capacious and guided by a civic and multilingual paradigm. Included are poems by poets born in Ireland; poets resident in Ireland who identify themselves as Irish or part Irish; poets seeking residency and/or citizenship in Ireland.
This database includes poems in Irish, English, and in other mother tongues. Poems translated into Irish or English by Irish poets are also included in this data. RoC research focused on the period 1914 to 2020.
RoC data are not exhaustive. They are shaped by our research questions, methodological approaches, and the sources consulted. Our wish is to have an ever-expanding community of users and contributors who will add to this data and allow the RoC database to grow and evolve.
Cuimsíonn bunachar sonraí RoC dánta a chum filí Éireannacha faoi sháruithe ar chearta an duine i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta. Chun críche an taighde seo, cuireadh san áireamh dánta le filí a saolaíodh in Éirinn; dánta le filí a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a aithníonn gur Éireannaigh iad féin; dánta le filí a bhfuil ceart cónaithe in Éirinn agus/nó saoránacht na hÉireann á lorg acu.
Cuimsíonn an bunachar seo dánta i nGaeilge, i mBéarla, agus i máthairtheangacha eile. Cuireadh dánta a aistríodh go Gaeilge nó go Béarla san áireamh fosta. Dhírigh taighde RoC ar na blianta 1914-2020.
Ní bunachar sonraí uileghabhálach é bunachar RoC. Tá na torthaí taighde bunaithe ar na ceisteanna taighde a cuireadh, ar an mhodheolaíocht a roghnaíodh, agus ar na foinsí a ceadaíodh. Tá súil againn go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an bhunachar de réir a chéile agus go gcuirfidh úsáideoirí leis an chorpas in imeacht ama.