Laoighseach Ní Choistealbha: (Páipéar comhdála/ Conference Paper), Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (1/10/2021)
Achoimre: Phléasc freasaitheoir uimhir a ceathair den stáisiúin núicléach Chernobyl ar 26 Aibreán 1986. Scaipeadh radaíocht bhaolach ar fud na hEorpa mar gheall ar an phléascadh seo. Ar ámharaí an tsaoil do mhuintir na hÉireann, níor imir leibhéil bhorrtha na radaíochta an oiread sin tionchair ar an tír seo. In ainneoin sin, ní raibh drogall ar fhilí na Gaeilge tabhairt faoin ábhar chun uafás na tubaiste a chur in iúl: “Gaoth Anoir” (1986) le Conleth Ellis; “Chernobyl” le Claire Dagger; “Pobal Chernobyl Abú” (1987) agus “Chernobyl” (1987) le Ciarán Ó Coigligh; “Picnic i Reilig sa Bhílearúis” le Celia de Fréine (2001); “An Pháirc Fíogadáin” le Eithne Strong (1998) agus “Chernoble – Sellafield” le Brian Ó Baoill (1992).
Díreoidh an páipéar seo ar ghné ar leith den tubaiste: an tionchar a d’imir iarmhairtí Chernobyl ar shaol na mban. Chun an cheist seo a chíoradh, pléifear dhá dhán le Bríd Ní Mhóráin, mar atá: “Trí Thrua na Bealarúise” (2002) agus “Na Trí Nithe is iontaí amuigh tar éis Chernobyl” (1992). Déanfar scrúdú sa pháipéar seo ar conas mar a chuaigh truailliú radaíoch Chernobyl i bhfeidhm ar shaol laethúil na mban, agus conas mar atá ábhar na ndánta seo fós tráthúil maidir le géarchéim aeráide na linne seo.