Rióna Ní Fhrighil: (Páipéar comhdhála / Conference Paper), Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (1/10/2021)
Achoimre: Cé gur minic a shamhlaítear ‘nós na filíochta príobháidí pearsanta’ le filí na linne seo, díol suntais é a liacht sin dán poiblí a chum filí na Gaeilge le breis is céad bliain anuas. Is é an nasc seo idir cúrsaí filíochta agus dioscúrsa chearta an duine croílár an tionscadail taighde ‘Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Nuafhilíocht na hÉireann’. Is é príomhsprioc an taighde mionanailís a dhéanamh ar fhilíocht an fichiú haois agus ar an athláithriú a rinneadh i bhfilíocht na hÉireann, as Béarla agus as Gaeilge, ar ghéarchéimeanna daonnúla a bhain leis an iasacht go speisialta – is é sin le cearta an duine go hidirnáisiúnta. Sa chaint seo, díreofar ar phríomhthorthaí an taighde seo i dtaca le filíocht na Gaeilge de. Tá corradh is míle dán Gaeilge san áireamh sa tionscadal seo. Tabharfar cuntas ar na himeachtaí idirnáisiúnta is minice a dtagraítear dóibh sa chorpas seo agus pléifear samplaí ar leith mar léiriú.