Rióna Ní Fhrighil, 2021. ‘Ar Thairseach na Daonnachta: Cearta an Duine agus Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge’, in R. Markus et al. (eagí), Ar an Imeall i Lár an Domhain (Leabhar Breac 2021): 323-339.
Sliocht as an chaibidil: [It is] an ongoing task of human rights to reconceive the human when it finds that its putative universality does not have universal reach. (Judith Butler (2004) Precarious Life: The Powers of Mourning and Violence. Verso: London: 91)
Le blianta beaga anuas, tá borradh faoin réimse idirdhisciplíneach léinn a dhíríonn ar chúrsaí litríochta agus ar dhioscúrsa chearta an duine in éineacht (Goldberg agus Schultheis Moore 2011; McClennen agus Schultheis Moore 2016). Ach sracfhéachaint a thabhairt ar an dá shaothar critice is mó cáil sa réimse, thuigfí láithreach gur ar an phrós atá aird na scoláirí, den chuid is mó, agus gurb í an pheirspictíocht Angla-Mheiriceánach atá i dtreis. Áitítear san aiste seo, áfach, go bhfuil léargas sainiúil ar fáil i saothair áirithe Ghaeilge ar cheisteanna tábhachtacha faoi uilíocht chearta an duine agus faoin athláithriú a dhéantar ar sháruithe tromchúiseacha ar na cearta úd. Díreofar ar an athshaothrú a dhéanann filí mar Louis de Paor agus Nuala Ní Dhomhnaill ar phearsana tairseachúla an bhéaloidis agus géarchéimeanna idirnáisiúnta daonnúla mar théama acu. Faoi anáil Léann Chearta an Duine, áiteofar gur léiriú fileata í an iarlais agus an mhurúch araon ar bhail thairseachúil, éiginnte, an té nach samhlaítear cearta iomlána an duine leis. Sa mhéid go ndíríonn na dánta a bheidh faoi chaibidil ar shuibiachtaí nach bhfuil cosaint iomlán an dlí acu, d’fhéadfaí na téacsanna liteartha seo a áireamh mar chuid den díospóireacht leanúnach faoi chúrsaí cumhachta agus faoin neamhréiteach idir an duine daonna agus an tsuibiacht dhlíthiúil.