Rióna Ní Fhrighil: ‘Thar muir isteach: aistriú na filíochta san fhichiú haois’, Tintúd-Aistriú: an tAistriúchán Liteartha i Stair na Gaeilge
Irish Literary Translation through Time, Ollscoil Chorcaí (UCC) (20/5/2021)
(Páipéar ar cuireadh / Invited Paper)
Achoimre: Is ar an aistriú ó Ghaeilge go Béarla a dhírítear go minic agus aistriú na filíochta san fhichiú haois á phlé. Sa pháipéar seo, tabharfar aird ar thiontú na filíochta go Gaeilge san fhichiú haois agus anuas go dtí urlár na linne seo. Tabharfar cuntas ginearálta ar na príomhthreochtaí i dtaca le haistriú na filíochta go Gaeilge agus ansin déanfar mionphlé ar dhánta ar leith leis an scéal a léiriú agus a spíonadh.