Rióna Ní Fhrighil, 2021. ‘Réamhrá’ in Alan Titley, …liricí gearra (Coiscéim 2021)

Sliocht as an réamhrá (excerpt): Cnuasach fílíochta é ‘…liricí gearra’ le Alan Titley a bhuanaíonn a chlú mar fhile dásachtach, engagé. Is é seo an dara cnuasach filíochta ó pheann an Titlígh, saothraí ildánach a bhfuil eolas air le fada mar scoláire, mar chriticeoir, agus mar scríbhneoir próis. Ná déanaimis dearmad, áfach, go bhfuil an fhilíocht á saothrú ag an Titlíoch le fada an lá. Go dearfa chuimsigh an chéad chnuasach filíochta uaidh, Rabhadh: Dánta (2013), saothair filíochta a foilsíodh den chéad uair in irisí liteartha, i gcolúin nuachtáin agus i saothair éagsúla phróis leis ó na 1970idí i leith. Nod don eolach é teideal an chnuasaigh seo ‘…liricí gearra’ a thagraíonn don óráid iomráiteach a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman sa bhliain 1969. Drochtheist ar staid na Gaeilge ba ea bláthú na filíochta le taobh lagbhrí an phróis, dar leis an Chadhnach a d’áitigh: “Is fusa go fada liric dheas neamhurchóideach ocht líne a chuma anois is aríst ná aiste a scríobh, úrscéal, ná fiú gearrscéal féin a scríobh”. Liricí géara agus ní liricí gearra a shaothraíonn an Titlíoch sa chnuasach seo: dánta áititheacha argóinteacha ina dtugtar aghaidh ar mhórcheisteanna na linne seo go healaíonta, neamhleithscéalach.