‘Chernobyl an Chroí Chéasta: An Taibhse Adamhach agus filíocht chomhaimseartha na Gaeilge’ le Laoighseach Ní Choistealbha, Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (05/10/2019)
(Páipéar comhdhála / Conference Paper)
Achoimre: I réamhrá an leabhair Atomic Ghost: Poets Respond to the Nuclear Age, déanann eagarthóir an chnuasaigh, John Bradley, cur síos ar chumas na filíochta ceisteanna íogaire a bhaineann le cogaíocht núicléach san fhichiú haois a chíoradh. Tugann na dánta, dar leis, léargas ar leith don léitheoir ar na ‘taibhsí’ adamhacha a ghnáthaíonn ár dtuiscintí ar fhulaingt an duine, ar fhulaingt na timpeallachta, agus ar fhulaingt an domhain sa lá atá inniu ann:
‘[The atomic ghosts] haunt us in many ways. There is the fear for the safety of family and children and our children’s children. There is fear for the survival of the planet […] The poems speak eloquently on all these topics and more, exposing how nuclear fear has settled into the very marrow of our bones’. (Bradley, 1995)
Níl aon fhile Gaeilge san áireamh sa chnuasach áirithe sin cé go ndeachaigh neart filí i ngleic leis an téama núicléach; tá “Aifreann na Marbh”, dán fada liotúirgeach a phléann séideadh Hiroshima sa bhliain 1945, ina eiseamláir den chineál filíochta seo. Tá dánta eile i gcorpas na Gaeilge, áfach, a chaitheann súil ghéar ar an ré núicléach agus ar thorthaí na ré sin, in Hiroshima agus in Chernobyl. Díreoidh an páipéar seo ar an dearcadh a thugtar ar chearta an duine sna dánta, agus ar na himpleachtaí atá le sonrú sna dánta maidir le todhchaí agus le ciontacht an chine daonna.