‘Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge’ á heagrú ag Rióna Ní Fhrighil & Jeannine Woods (Conference Convenors), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (4-5/10/2019)
Gairm na Comhdhála: Tá leathchéad bliain ann i mbliana ó bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na
Gaeltachta. Ag comhdháil na bliana seo, tugtar cuireadh do scoláirí machnamh a
dhéanamh faoi cheisteanna a bhaineann le cúrsaí sóisialta, le cúrsaí polaitiúla agus le
cúrsaí cultúir i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge. Fáilteofar roimh pháipéir a bhaineann
le tréimhsí éagsúla de Léann na Gaeilge, idir nua agus sean.
Ar na hábhair a d’fhéadfaí a phlé, mar shampla, tá a leithéidí seo:
• An chritic shóisialta agus/nó pholaitiúil (go stairiúil nó go comhaimseartha) i
dtéacsanna Gaeilge (téacsanna litríochta, béaloidis, iriseoireachta, físe, raidió,
srl.)
• Cúrsaí eisimirce agus inimirce
• Cúrsaí geilleagracha agus cearta an duine nó cearta an phobail
• Cúrsaí inscne
• Gluaiseachtaí teanga agus cultúir
• Ceartas timpeallachta agus an chritic éiceolaíochta