Rióna Ní Fhrighil: (Aoichaint / Keynote). An Fhéile Bheag Filíochta, Musaem Chorca Dhuibhne. (9/11/2018)
Achoimre: ‘Writer & righter’ an teideal a bhí ar léacht a thug Seamus Heaney do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, thiar sa bhliain 2010. Bhain éirim na léachta sin leis an dán a chum sé corradh is scór bliain roimhe sin arís, dán dar teideal “From the Republic of Conscience”. Rinne Amnesty International an dán sin a choimisiúnú sa bhliain 1985 le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine.
Mhaígh reacaire an dáin sin go raibh dualgas ar an ealaíontóir aghaidh a thabhairt ar éagóracha agus iad a chur ar a súile do léitheoirí. Mar a mbeifí ag súil leis i ndán ócáidiúil den chineál sin, litríocht engagé a bhí á moladh is á móradh. Tá spéis agamsa sa cheangal sin idir cúrsaí litríochta, an fhilíocht go speisialta, agus mórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla.
I measc na ndánta a phléifear sa léacht seo tá, “Iarlais” le Louis de Paor, “An Mhurúch agus Focail Áirithe” le Nuala Ní Dhomhnaill agus “Torquemada agus Sinne” le Alan Titley.