‘Cearta an duine i bhfilíocht Alan Titley’ (2018)

Rióna Ní Fhrighil: (Páipéar comhdhála ar cuireadh / Invited Paper) Comhdháil: An domhan a chruthaigh Alan Titley, Kylemore Abbey Global Center, Notre Dame University. (29/9/2018) 

Achoimre: San chaint seo díreofar ar dhá dhán le Alan Titley, mar atá “Torquemada agus Sinne” agus “Laoi an Bhuamálaí”. Ar aon dul leis an úrscéal An Bhean Feasa (2014) a chum an Titlíoch i bhfoirm véarsaíochta, dánta iad “Torquemada agus Sinne” agus “Laoi an Bhuamálaí” a spreagann ceisteanna suimiúla, más ceisteanna cigilteacha féin iad, faoi dhioscúrsa chearta an duine, faoin daonnacht féin, agus faoi ról na litríochta i bhfianaise géarchéimeanna daonnúla. Lena chois sin, is dánta eisceachtúla iad seo ar chúis eile: is i bhfoirm colún iriseoireachta leis na teidil ceannann céanna a foilsíodh iad araon a chéaduair. Mar sin, músclaíonn stair a bhfoilsithe ceisteanna tráthúla faoi chúrsaí foirme agus faoi fheidhm na hiriseoireachta liteartha. Ach mionléamh a dhéanamh ar an dá dhán seo, féachfar le léargas a thabhairt ar ghnéithe uathúla d’ealaín filíochta Alan Titley.

Torthaí Taighde eile
OTHER Research Outputs 

‘Gender, Disability, and Infanticide’ (2019)

Laoighseach Ní Choistealbha: ‘Gender, Disability, and Infanticide: Changelings in Irish Storytelling and Contemporary Poetry in Irish’, 16th International Celtic Conference, Bangor, Wales. (24/07/2019) (Páipéar Comhdhála / Conference Paper) Abstract: Changelings have

Léigh | Read →